Butun axtardiqlarinizi tapmaq ucun buraya: DAXIL OLUN
  Mp4 Mp3 Axtar Yukle
  Video Axtar Yukle
  Shekil Axtar Yukle
  Informasiya Melumat Axtar
  Hazir Inshalar Toplusu
  AZERI CHAT + Tanishliq
  Saglamliq Tibbi Melumat
  Whatsapp Plus Yukle(Yeni)

  • Baile
  • Randamach
  • In aice láimhe
  • Logáil isteach
  • Socruithe
Donate Now If Wikipedia is useful to you, please give today.
  • Maidir le Vicipéid
  • Séanadh

Daonra na hAsarbaiseáine

Sa bhliain 2015, bhí 9.6 milliún duine ina gcónaí san Asarbaiseáin, agus naonúr duine as gach deichniúr acu ina nAsarbaiseánaigh ó thaobh na teanga is an dúchais de.

1958-2006

Is iad na Rúisigh an dara dream eitneach is mó, ach inniu, tá cuid mhór acu tar éis filleadh ar an Rúis, agus mar sin, níl ach 1.8 % de dhaonra na tíre ina Rúisigh inniu. Thairis sin, tá cuid mhór náisiúnachtaí beaga de chuid na Cugaise ag cur fúthu, mar Leisgínigh, Talaoisigh, Avaraigh, Sachúraigh, Búdúchaigh, Udi, agus eile. Tá Giúdaigh bhundúchasacha ina gcónaí timpeall Quba in Oirthuaisceart na hAsarbaiseáine, agus an teanga Tat á labhairt acu. Is teanga Iaránach í.

Bhí mionlach mór Airméanach san Asarbaiseáin sular phléasc an cogadh amach idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, ach d'éalaigh an mionlach seo go dtí an Airméin - cé is moite díobh siúd a raibh cónaí orthu in Karabagh féin, an limistéar atá forghafa ag fórsaí Airméanacha anois.

Moslamaigh is ea 93.4 % de dhaonra na hAsarbaiseáine, an chuid is mó acu ina Moslamaigh Shítheacha. Tá Ioslam Sunnaíoch, Eaglais Ortadocsach na Rúise, an Giúdachas agus seicteacha beaga Moslamacha agus Críostaí le fáil sa tír freisin. An chuid is mó de na hAsarbaiseánaigh, áfach, ní chloíonn siad go ródhian le hIoslam.

Clár ábhair

  • 1 Daonra
  • 2 Féach freisin
  • 3 Tagairtí
  • 4 Naisc sheachtracha

Daonra

Bliain 1897 1908 1911 1917 1920 1923 1924 1930 1940 1941 1942 1943 1944 1945 1946 1947 1948 1949 1950 1960 1970 1980 1990 2000 2009
Cathracha[1] 305.1 - - 560.2 405.8 486.0 - 750.9 1212.0 1239.8 1195.5 1138.1 1105.8 1118.5 1159.9 1163.1 1110.1 1149.1 1252.3 1835.2 2564.6 3247.5 3847.3 4116.4 4818.7
Daonra tuaithe[1] 1501.6 - - 1793.5 1546.4 1377.0 - 1818.6 2062.0 2092.0 1961.6 1780.0 1670.9 1587.1 1574.6 1577.4 1589.2 1583.5 1606.6 1980.5 2552.5 2866.8 3284.6 3916.4 4078.6
Iomlán[1] 1806.7 2014.3 2056.5 2353.7 1952.2 1863.0 2128.7 2569.5 3274.0 3331.8 3157.1 2918.1 2776.7 2705.6 2734.5 2740.5 2699.3 2732.6 2858.9 3815.7 5117.1 6114.3 7131.9 8032.8 8896.9

Féach freisin

  • An Asarbaiseáin
  • Ionsaí na hAsarbaiseáine ar Nagorno-Karabakh, 2023

Tagairtí

  1. 1 2 3 Azərbaycan Dövlət Statistika Komitəsi: Demoqrafik göstəricilər: Azərbaycanın əhalisi :1.1. Əhalinin sayının dəyişilməsi (min nəfər)---1897,1926, 1939, 1959, 1970, 1979, 1989, 1999, 2009-cu illərin məlumatları əhalinin siyahıyaalınmaları üzrə, 1913, 1917, 1920-cı illərin məlumatları ilin axırına, qalan illərin məlumatları isə ilin əvvəlinə göstərilmişdir.

Naisc sheachtracha

  • Azərbaycan Respublikası Dövlət Statistika Komitəsi (azərbaycan və ingilis dillərində)
  • Azərbaycan Respublikasının İnsan Hüquqları üzrə Müvəkkili Curtha i gcartlann 2013-06-11 ar an Wayback Machine (azərbaycan və ingilis dillərində)
  • Azərbaycan Respublikasının Dövlət Miqrasiya Xidməti (azərbaycan, rus və ingilis dillərində)
  • Azərbaycan Respublikası Dövlət Məşğulluq Xidməti Curtha i gcartlann 2012-06-26 ar an Wayback Machine (azərbaycan dilində)
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Daonra_na_hAsarbaiseáine&oldid=1264812"
Informasiya Melumat Axtar